Cáis folláin, nádúrtha a chuirfidh aoibhneas ar do chroí.

Bainne Buabhaill 100% | Saor ó Ghlútan | Oiriúnach d’Fheoilséantóirí 

Tá Gradaim buaite ag na Cáiseanna seo

Ó thailte méithe Iarthar Chorcaí

Cuirimid Cáis ar fáil do na Siopaí seo

ÁR bPÁIRTITHE MIONDÍOLA 

Féach anseo

ÁR bPÁIRTITHE SAN EARNÁIL BIA 

Féach anseo

Tá níos mó Gradaim Éireannacha agus Idirnáisiúnta buaite againn ná aon bhranda eile inár gcatagóir!

Mar a deir ár gcustaiméirí

Tugaimid tús áite, do na Buabhaill.

Is anseo againne atá an chéad tréad Buabhaill in Éirinn agus an ceann is mó. Bíonn siad ag fánaíocht agus ag ithe an fhéir ar pháirceanna glasa Chluain Chlod, áit atá in aice le Maigh Chromtha in Iarthar Chorcaí. Gach lá, faighimid bainne úr na mbuabhall agus déanaimid cáis úr as anseo ar fheirm an teaghlaigh. Déanaimid réimse cáise, ina measc Mozzarella, Ricotta, Cáis ar stíl na Gréige, Burrata agus Cáis don ghriolladh i stíl na Cipire. Táirge Éireannach, oiriúnach d’fheoilséantóirí, 100% nádúrtha agus saor ó aon bhreiseáin saorga, dathú ná leasaithigh. Cáis mhín, réidh den scoth!

Uaireanta bíonn Buabhaill neirbhíseach agus iad á gcrú, ach ní ár gcinn-ne anseo! Bímid luite amach orainn féin gach lá le cinntiú go mbíonn na Buabhaill ar a gcompord. Tá gléas curtha isteach sa bhleánlann againn a chuimlíonn a ndroim dóibh (is breá leo é sin!) agus bímid á gcrú go socair, mall.

CUIR TURAS FEIRME IN ÁIRITHE! 

Seo leat ar thuras treoraithe agus foghlaim conas mar a thugaimid bainne na mbuabhall ar aghaidh chuig lucht déanta na cáise. Bain triail as réimse Cáise Buabhaill a dhéantar anseo gach maidin le breacadh an lae!

Tá deimhiú ‘Origin Green’ againn

  • Macroom Buffalo Award Winning
  • Macroom Buffalo