An Réimse Táirgí

100% Bainne Buabhaill | Saor ó Ghlútan | Oiriúnach d’Fheoilséantóirí

  • Mozzarella Buabhaill

  • Ricotta Buabhaill

  • Cáis Buabhaill i stíl na Cipire

  • Cáis Buabhaill i Stíl na Gréige

  • Burrata Buabhaill

  • Bocconcini Buabhaill

Mozzarella Buabhaill

Déantar Cáis Buabhaill Mhaigh Chromtha ónár dtréad Buabhaill atá cothaithe le féar agus atá lonnaithe anseo i Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Is cáis úr, bog, uigeach, leath-leaisteach é an mozzarella. Téitear an gruth go dtí gur féidir é a shíneadh agus cruth a chur air.

Ricotta Buabhaill

Is éard is Ricotta ann ná cáis a dhéantar as meadhg an Bhainne Buabhaill. Tagann sé as an leacht a scarann ón ngruth nuair a bhítear ag déanamh an Mozarella. Tá sé bán mar phéarla, tiubh agus tá uigeacht tais aige. Tá boladh éadrom uaidh agus bíonn sé go deas i milseoga milse agus neamh-mhilse.

Cáis Buabhaill i Stíl na Gréige

Seo ár leagan féin den cháis aoibhinn Meánmhuire seo. Is cáis éadrom í a bhfuil cothromaíocht ag baint léi agus cuireann sí blas maith ar aon bhéile. Gearr ina slisne í nó bris suas í agus cuir le do rogha béile í.

Cáis Buabhaill i stíl na Cipire

Is cáis an-bhlasta, tiubh í seo a choimeádann a cruth go maith faoin ngriolladh ach mar sin féin a bhíonn fós bog agus ‘gíoscánach’.

De bharr go n-úsáidtear bainne buabhaill sa cháis, bíonn an blas milis agus ithreach. 

Burrata Buabhaill

Tá leagan Éireannach den Burrata cruthaithe againn a úsáideann an bainne agus an t-uachtar óna dtréad Buabhaill. Cothaímid an tréad le féar. An toradh atá air seo ná táirge den scoth, le blas breá an Mozzarella saibhrithe go hiontach ar fad ag an uachtar. Rinneadh Burrata an chéad lá mar Cháis Buabhaill Iodálach déanta as Mozzarella agus uachtar. Is cáis soladach atá sa phíosa seachtrach agus tá uachtar sa phíosa laistigh agus mar sin, tá uigeacht neamh-ghnáthach bog aige déanta as meascán uachtair agus gruth cáise. An difríocht idir Burrata agus Mozzarella ná go síntear an gruth chun saghas póca a dhéanamh as agus líontar an póca sin le meascán uachtair agus gruth úr. Dúntar an póca ansin rud a thugann cruth domplagáin dó. An bua atá ag an Burrata ná an chothromaíocht iontach a bhaineann sé amach sa bhlas agus san uigeacht. Tá an blas cosúil leis an Mozzarella ach é a bheith níos saibhre & níos láidre idir bainne agus milseacht, agus a thugann uachtar breá chun cuimhne. 

Bocconcini Buabhaill

Liathróidí beaga deasa Mozzarella, an-oiriúnach le haghaidh Sailéad Caprese. Bíonn ár Mozzarella Úr Buabhaill ullamh le ceannach laistigh de 24 uair an chloig ó am a dhéanta. Déanta go laethúil anseo ar thailte méithe Iarthar Chorcaí.

Déanta go laethúil ar thailte méithe Iarthar Chorcaí, Éire!

  • Macroom Buffalo Award Winning
  • Macroom Buffalo